Chester Beatty Library – Shop – Goods on Sale | Chester Beatty Library Shop, Chester Beatty Library Goods on Sale
Skip Navigation

Earraí ar Díol

Tá an siopa suite ar bhunurlár na Leabharlainne.  Tá réimse leathan leabhar agus bronntanas ar fáil le ceannach le linn do chuairte, nó de fón (+353 (0)1 4070753), facs (+353 (0)1 4070760), gnáthphost (Siopa Bronntanais Leabharlann Chester Beatty, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Áth Cliath 2, Éire) nó tríd an Fhoirm Fiosraithe Theagmhála a chomhlánú. Glacaimid le gach mórchárta creidmheasa, agus díolaimid agus fuasclaimid dearbháin leabhair Euro..

Tá baill LCB i dteideal lascaine de 10%. Chun clárú mar Bhall, cliceáil anseo le do thoil. 

Tá an siopa lán bronntanas a luífidh le gach dúil agus gach póca agus foinsítear míreanna ó gach áit ar fud an domhain chun cnuasach sár-iontach Chester Beatty a léiriú.

Anseo thíos tá liosta de chuid de na míreanna atá ar díol sa siopa:

• Míreanna Chester Beatty saincheaptha éagsúla, lena n-áirítear cártaí poist agus póstaeir, irisí agus míreanna mearaí, oiriúintí (scaifeanna, málaí, sparáin) agus stáiseanóireacht – iad uile faoi inspioráid chnuasach saibhir na Leabharlainne.

• Leabhair ar ealaín, taisteal, déanamh leabhar agus callagrafaíocht, cócaireacht idirnáisiúnta, fealsúnacht agus reiligiúin an domhain, an India, an tSín agus an tSeapáin.

• Foilseacháin Leabharlann Chester Beatty, lena n-áirítear treoirleabhar ginearálta don Leabharlann agus dá cnuasaigh; catalóig ó thaispeántais reatha agus roimhe seo; roinnt leabhar arna scríobh ag coimeádaithe na Leabharlainne, ag tarraingt ar na cnuasaigh éagsúla – réimse ábhar ón Ioslam agus Scrollaí Chogonka Seapánacha go Leonardo agus Dürer.

• Túis Shíneach agus Indiach; dealbha lámhshnoite Iodálacha; agus stáiseanóireacht ardcháilíochta ó pháipéar-cheannaithe Flórantacha Il Papiro.

• Réimse leabhar agus bronntanas do pháistí.

• DDí le ceol ó gach áit ar fud an domhain.

• Seodra de dhéantús na hÉireann, chomh maith le léarcáileanna, leabhair staire agus treoirleabhair faoi Éirinn.

• Raidhse de bhronntanais eile ón Áise agus ón Chianoirthear: babhlaí canta agus durgas ón Tibéid; eilifintí snoite agus maisiúcháin chrochta ón India; agus cimeonónna agus bábóga péinteáilte ón tSeapáin.