Chester Beatty Library | The Chester Beatty Library website
Skip Navigation





 
 

Fáilte go dtí Leabharlann Chester Beatty

In The Lonely Planet cuirtear síos ar Leabharlann Chester Beatty mar ní amháin an iarsmalann is fearr in Éirinn, ach ar cheann de na hiarsmalanna is fearr san Eoraip.  Is iarsmalann ealaíne agus leabharlann í ina bhfuil an cnuasach iontach de lámhscríbhinní, mionphictiúir, priontaí, líníochtaí, leabhair annamha agus roinnt ealaíon ornaideach a thiomsaigh  Sir Alfred Chester Beatty(1875-1968).  Osclaíonn taispeántais na Leabharlainne fuinneog ar sheoda ealaíne mhórchultúir agus mhór-reiligiúin an domhain.  Sa chnuasach shaibhir aici ó thíortha ón Áise, an Meánoirthear, an Afraic Thuaidh agus an Eoraip ofráltar féasta físe do chuairteoirí.  Ainmníodh Leabharlann Chester Beatty mar Iarsmalann na Bliana in Éirinn i 2000 agus bronnadh an teideal Iarsmalann Eorpach na Bliana uirthi i 2002.  

Ar mhórsheoda an chnuasaigh tá téacsanna paipíre Éigipteacha, cóipeanna áille maisithe den Chórán, an Bíobla, lámhscríbhinní meánaoiseacha Eorpacha agus athbheochana.  Lena chois sin tá mionphictiúir Thurcacha agus Pheirsiacha agus pictiúir Bhúdacha thaibhseacha ar taispeáint, chomh maith le róbaí dragain Síneacha agus priontaí blocadhmaid Seapánacha.   Gabhann an éagsúlacht atá sa chnuasach cuid mhaith den saibhreas a bhain le cruthaitheacht an duine ó thart ar 2700 RC go dtí an lá atá inniu ann.    

CEAD ISTEACH SAOR IN AISCE.

Tá an Leabharlann mar chuid de Chomhairle na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta (CICN) – le haghaidh tuilleadh eolais ar gach ball, cliceáil anseo le do thoil.

Tá an Leabharlann léirithe ar an suíomh gréasáin Cnuasach Fíorúil Sárshaothar.  Le haghaidh tuilleadh sonraí, cliceáil anseo le do thoil.

Cuireadh tacaíocht ar fáil chun an suíomh gréasáin seo a fhorbairt ag