CBL | Taispeántais | Permanent Exhibitions
Skip Navigation

Permanent Exhibitions


Traidisiúin Naofa


Sa Ghailearaí, Na Traidisiúin Naofa, ar an dara hurlár tá taispeántas de na téacsanna naofa, lámhscríbhinní maisithe agus mionphéintéireachtaí ó gach reiligiún agus córas creidimh mór a léirítear sna cnuasaigh – an Chríostaíocht, Ioslamachas agus Búdachas le taispeántais is lú ar Chonfúiceachas, Daochas, Saíceachas agus Jaineachas.    

Tá na Paipírí Bíobalta, an cnuasach suntasach de lámhscríbhinní ón Chórán agus scrollaí agus leabhair ar an smaointeachas Búdaíoch, mar fhócas na dtaispeántas.  

Tá cláir chlosamhairc ann ar na Deasghnátha Aistrithe Saoil a bhaineann le creidimh go leor, urnaí agus oilithreacht a chuireann leis na taispeántais.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi chnuasaigh na Leabharlainne, cliceáil anseo le do thoil. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi thaispeántais shealadacha, cliceáil anseo le do thoil. 

Ealaíona an Leabhair


Cliceáil anseo le haghaidh léirmheas teilifíse a rinneadh le déanaí ar an taispeántas seo agus cliceáil anseo chun éisteacht le hagallamh raidió. 

Is taispeántas buan de chnuasaigh na Leabharlainne é Ealaíona an Leabhair, a osclaíodh sa ghailearaí ar an chéad urlár i 2008.  Anseo, is féidir le cuairteoirí breathnú ar leabhair ón saol ársa lena n-áirítear Dánta Grá Chester Beatty (c.1160 R.C.) a bhfuil clú domhanda orthu, Leabhair Éigipteacha na Marbh agus lámhscríbhinní Eorpacha meánaoiseacha atá maisithe go gleoite agus leabhair phriontáilte Eorpacha áille, chomh maith le priontaí Old Master.  Taiscéalann an taispeántas chomh maith an saibhreas a bhaineann leis an traidisiún lámhscríbhinní Ioslamach – tá léiriúcháin agus maisiúcháin, callagrafaíocht, agus ceangail ghleoite ó mhórthimpeall an Mheánoirthir agus na hIndia ar taispeáint.    Ar na mórshaothair ón Áise Thoir tá ceann de na cnuasaigh is fearr sa domhan de leabhair shéada Shíneacha, pictiúr-scrollaí Seapánacha ina léirítear fabhalscéalta agus finscéalta, agus priontaí blocadhmaid ardscothaí. Tá cláir chlosamhairc ann mar chomhlánú ar an taispeántas, ag cabhrú leis an chuairteoir chun foghlaim tuilleadh faoi ealaíona an leabhair ar fud an domhain.