Merton
Ba pháirtnéir gnó é Wilfred Merton (1888-1957) de chuid Sir Emery Walker, foilsitheoir bhunús luathchatalóigí Alfred Chester Beatty dá chnuasach.
Ba dhlúthchara de chuid Chester Beatty é Merton chomh maith agus ina chomhbhailitheoir leabhair, arbh iad an phriontáil agus na paipírí Oirthearacha a speisialtacht.
In ómós dá mbuanchairdeas agus dá mbuanchaidreamh, thiomnaigh Merton cuid mhaith dá chuid leabhar agus lámhscríbhinní do Beatty ar a bhás i 1957.
Is paipírí doiciméadacha Gréagacha, den cuid is mó, iad Paipírí Merton, ach tá samplaí Deimóiteacha, Coptacha agus Arabacha sa chnuasach chomh maith.
Is taifid fhíorluachmhara iad ní amháin toisc iad a bheith dátaithe ach toisc go dtugann siad cuntas soiléir ar an ghnáthshaol laethúil le linn ré dhéanach na Rómhánach san Éigipt. Áirítear litreacha ó aithreacha chuig mic agus ó fhir chéile chuig mná céile, chomh maith le litreacha oifigigh rialtais agus sagairt teampaill, iad uile bainteach le mionchúrsaí an ghnáthshaoil laethúil – caidrimh, cánacha, bás, colscaradh agus sclábhaíocht.
Bás
MP009 Fógra Báis Eanáir IC 12 Cuireann Tephorsais bás in iúl don rúnaí ríoga
MP013 Tuairisceán i dtaobh oidhreachta IC 98-102
Scríobhann Thaesis chuig na heisigéití i dtaobh a hoidhreachta
MP075 Iarratas chun uacht a oscailt 2 Iúil IC 181 Scríobhann Heracleides chuig Chaeremon agus Theon
MP084 Fógra Báis IC 201 Cuireann Theon bás in iúl do scríobhaí na cathrach
Comhfhreagras Príobháideach
MP028 Harpochras chuig Ammonas Tríú céad déanach IC Gearán ó Harpochras nach bhfuair sé aon scéala ó Ammonas
MP032 Allous chuig Morion Ceathrú céad luath IC Rabhadh ó Allous do Morion faoi dhaoine eile atá sa tóir ar an suíomh is mian leis a cheannach
MP080 Achillas chuig Apollonius Dara céad IC Iarrann Achillas ar Apollonius riar ar ghnó nach bhfuil críochnaithe ag baile
MP082 Nice chuig Berenice Dara céad déanach IC Féachann Nice lena leithscéal a ghabháil le Berenice – mar gheall ar sheirbhís sheachadta amscaí?
MP083 Taos chuig Agathopus Dara céad déanach IC Scríobhann Taos faoi imeachtaí clainne
MP085 Hermes Lár an tríú céad IC Cuireann Hermes comhairle ar a dheartháir
MP112 Gaianus Dara céad IC Tugann Gaianus amach dá dheartháir as faillí a dhéanamh ina theaghlach
MP114 Achillas chuig Sarapias Dara céad IC Iarratas ar éadaí deasa
MP115 Litir phríobháideach Ceathrú céad IC Comhairle athairiúil d’fhear níos óige
Gnóthaí Oifigiúla teaghlaigh
MP026 Sliocht as miontuairiscí eisigéite 8 Feabhra 274 Iarratas ó Aurelia Didyme go gceapfaí a deartháir mar chaomhnóir do nia atá ina dhílleachta
MP059 Caingean faoi bhráid na Chrematistae 154 or 143 RC 'Socrú colscartha idir Asclapon agus Antigone
MP062 Litir chur in aithne IC 6 Cuireann Apollonius Isidoru in aithne don Strategus
MP072 Conradh pósta IC 162 Conradh idir máthair Sarapous agus máthair Ekysis
MP118 Comhaontú chun aire altranais a thabhairt do leanbh tréigthe IC 81-2 Aire a thabhairt do leanbh tréigthe a bhfuil an sclábhaíocht i ndán dó
MP119 Conradh altranais IC 157 Cosúil leis an cheann thuas, le roinnt difríochtaí suimiúla
Osnádúrtha
MP056 Blúire astralaíochta Dara céad IC Maidir le suíomh Véineas i gcoibhneas Satairn agus Mars
MP057 Réamhinsintí Dara céad IC Réamhinsintí i dtaobh rudaí éagsúla
MP022 Litir óTholamaes Dara céad IC Iarrann Tolamaes ar Apollonius impí a dhéanamh ar Sharaipis
MP058 Ortha draíochta Tríú céad luath IC Ortha chun go mbeidh gnaoi an phobail agus rath ar a húinéir
MP073 Dréacht-fhógra 163-4 IC Bansagart óg de chuid Athena Thoeris, Isis, Sarapis, srl.
MP081 Epoeris chuig Déiméitrias
Dara céad IC Epoeris tar éis dul i gcomhairle leis an oracal faoi Dhéiméitrias
Gairmeacha agus ceirdeanna
MP012 Litir chuig lia 29 Lúnasa IC 58 Comhairliúchán, b’fhéidir, idir dochtúirí maidir le poncloscadh na gcos
MP015 Cuntas custaim 1 Deir. Fómhair IC 114 Cuntas a thug Maoirseoir stáisiún custaim don Strategus
MP018 Cumhacht aturnae 7 Lúnasa IC 161 Ceapachán an fhir shaoraithe Saraipion mar ionadaí os comhair an mhaoir
MP019 Díolachán báid 31 Márta IC 173 Tá Valerius Diodorus, a bhí ina reacordaire roimhe, tar éis bád a cheannach
MP027 Cuntas talmhaíochta Tríú céad IC Mórleabhar íocaíochtaí a bhaineann le plandú fíonghoirt, iliomad tascanna luaite
MP033 Sonrasc le haghaidh cíosa 31 Deireadh Fómhair IC 344 Íocann Castor an déantóir cairpéid a chíos
MP041 Orduithe le haghaidh íocaíochta c. IC 406 Orduithe le haghaidh íocaíochta don chearpantóir agus don déantóir cairpéid
MP042 Cuntas ar arbhar 5ú céad IC Dáileadh arbhair ar dhaoine éagsúla, roinnt acu liostaithe de réir gairmeacha
MP044 Ordú le haghaidh íocaíochta 5ú céad IC Ordú le haghaidh íocaíochta don déantóir brící
MP046 Litir bhailitheoir cánach 6ú céad déanach IC Ní haoibhinn i gcónaí saol an bhailitheora cánach
MP097 Admháil 6ú céad IC Íocaíocht i leith obair a rinne saor sábhadóireachta ar eaglais
MP127 Cuntais íocaíochta 6ú céad IC Cuntais íocaíochta do theachtairí cúnta ginearálta
Foilseacháin
Idris Bell, H. and Roberts, C. H. (eds) (1948) Catalóg Thuairisciúil de na Paipírí Gréagacha i gCnuasach Wilfred Merton, F.S.A. Iml. I, Londain: Emery Walker.
Rees, B. R. Bell, H. I. and Barns, J. W. B. (eds) (1959) Catalóg Thuairisciúil de na Paipírí Gréagacha i gCnuasach Wilfred Merton, F.S.A. Iml. II. Baile Átha Cliath: Hodges Figgis.
David Thomas, J. (ed.) (1967) Catalóg Thuairisciúil de na Paipírí Gréagacha i gCnuasach Wilfred Merton, F.S.A. Iml. III, Institiúid an Léinn Chlasaicigh Forlíonadh Bullaitín Uimh.18, Londain: Institiúid an Léinn Chlasaicigh.