Coptach
Is é an cnuasach de théacsanna Coptacha ar phaipír an grúpa is mó i gCnuasach Paipírí Chester Beatty.
Ó thaobh ábhair de is téacsanna Críostaí iad a mbunús lena n-áirítear téacsanna bíobalta, seanmóirí agus tuairiscí ar mhairtíreachtaí ón tréimhse c. IC 300-800.
Is iad an coidéacsanna Mainicéanacha sáriontacha na téacsanna neamh-Chríosaí is tábhachtaí, dar dáta c IC 400 den chuid is mó.
Tá na coidéacsanna feirthe i mbreis agus 1,000 fráma agus ina measc tá téacsanna naofa uathúla de reiligiún domhanda caillte a bhí tráth den saol in iomaíocht leis an Chríostaíocht agus leis an Ioslamachas agus a leath ón Afraic Thuaidh agus ón Chianoirthear feadh Bhóthar an tSíoda.