An Cnuasach Córánach
Cuimsíonn an Cnuasach Córánach breis agus 260 Córán agus blúirí Córánacha agus tá sé ar cheann de na cnuasaigh de Chóráin is tábhachtaí taobh amuigh den Mheánoirthear.
Is é dlaoi mhullaigh an chnuasaigh – agus go deimhin féin ar cheann de mhórsheoid na Leabharlainne - an Córán álainn a cóipeáladh i mBagdad sa bhliain 1001 ag Ibn al-Bawwab, duine den triúr mórchallagrafóirí Ioslamacha sna meánoiseanna.