An Cnuasach Peirsiach
Tá an Cnuasach Peirsiach comhdhéanta, den chuid is mó, de chóipeanna de shaothair na mórfhilí Peirsiacha: Firdawsi, Nizami, Sa'di, Hafiz agus Jami, agus gan ach cuid acu a lua.
Tá thart ar 330 lámhscríbhinn sa chnuasach agus ar na mórábhair spéise ann tá fóiliónna léirithe ón Shahnama Mongólach Mór (Demotte) mar a thugtar air, nó Leabhar na Ríthe, ó thart ar 1335, agus cóip neamhiomlán den téacs céanna seo a rinneadh sa séú haois déag do Shah 'Abbas Mór, rialtóir Safavid.
Ceann de na lámhscríbhinní is áille agus is mó maisiúcháin sa Leabharlann is ea cóip den Gulistan le Sa'idi, a rinneadh sna 1420í do Baysunghur, duine de mhórpátrúin an leabhair agus prionsa de chuid ríshliocht an Timurid a rialaigh cuid mhaith den Iaráin sa chúigiú haois déag.