An Tibéid, an Mhongóil, an Áise Theas agus Thoir-Theas
Sna cnuasaigh Thibéideacha agus Mhongólacha, atá Búdaíoch den chuid is mó, tá téacsanna naofa Tibéid-Bhúdaíocha, réada deasghnátha agus seasca a seacht thangka, agus méid beag de litríocht reiligiúnach Mhongólach.
Tá cnuasaigh na hÁise Theas agus Thoir-Theas comhdhéanta, den chuid is mó, de lámhscríbhinní naofa Búdaíocha, lena n-áirítear fiche leabhar fillte Téalannach a insíonn scéal an mhanaigh Phra Malai, tacar cuimsitheach de théacsanna oirnithe Budaíocha (kammavaca), leabhair fhillte parabaik Bhurmacha de radharcanna Búdaíocha, lámhscríbhinní Jaineacha, Hiondúcha, Síceacha agus Búdaiocha ón India, Neipeal agus Srí Lanca, agus leabhair fháistine coirte ó phobal Batacach Sumatra.