Chester Beatty Library – About Us – The Chester Beatty Story | Sir Alfred Chester Beatty
Skip Navigation

Scéal Chester Beatty


Rugadh Alfred Chester Beatty i Nua Eabhrac i 1875, an duine is óige de thriúr mac.  Ainneoin gur baisteadh Alfred air as gaol i bhfad amach, ní raibh aon dúil aige san ainm agus shínigh sé riamh a ainm mar A. Chester Beatty.


I ndiaidh a chuid scolaíochta i Nua Eabhrac, bhain Beatty céim amach mar innealtóir mianadóireachta ó Ollscoil Columbia agus thug a aghaidh siar, ag tosú ag an bhun ag sluaisteáil carraige i mianaigh in Denver, Coloradó.  D’oibrigh sé go dícheallach agus roimh i bhfadh bhí clú idirnáisiúnta bainte amach aige mar innealtóir mianadóireachta, gur bhunaigh comhairleacht mhianadóireachta rathúil i Nua Eabhrac i 1908.


I 1900, phós sé Grace Madeline Rickard agus bhí beirt pháistí acu.  I 1911, fuair Bean Beatty bás den fhiabhras tíofóideach.  Agus é i ndrochshláinte, thréig Beatty saol gnóthach na mianadóireachta i SAM gur bhunaigh comhairleacht nua i Londain.  I mBealtaine na bliana 1912 cheannaigh sé Teach Baroda ag 23 23 Kensington Palace Gardens, Londain, agus an bhliain dar gceann phós Edith Dunn as Nua Eabhrac.

 
Ó bhí sé an-óg ba ghnách le Beatty mianraí, buidéil snaoisín Shíneacha agus stampaí a chnuasach.  Mar dhuine fásta thosaigh sé ar rudaí a chnuasach ar bonn níos leithne, gur cheannaigh lámhscríbinní Eorpacha agus Peirseacha.     I 1914 thosaigh sé a chur suime in ábhair eile nuair a thug sé féin agus Edith cuairt ar an Éigipt mar ar cheannaigh siad roinnt cóipeanna maisithe den Chórán sna basáir.  Bhí an aeráid thirim ag teacht le sláinte Beatty agus cheannaigh sé teach gar do Chaireo, mar ar chaith sé geimhrí go leor.

     
Mar gheall ar thuras chun na hÁise i 1917 thosaigh sé a chur suime i bpéintéirteacht na Seapáine agus na Síne.  Chuir sé suim ar leith in ábhar ar mhórán dathmhaisiúcháin, foirgnimh mhaorga agus callagrafaíocht álainn, ach bhí sé thar a bheith meáite chomh maith ar théacsanna a chaomhnú mar gheall ar a luach stairiúil.

    
Bhí ról suntasach ag Chester Beatty i leith soláthairtí d’amhábhar straitéisteach do na Comhghuaillithe le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus rinneadh ridire dá bharr de.   I 1950, shocraigh sé ar bhogadh go hÉirinn gur thóg leabharlann dá chnuasach ealaíne ar Bhóthar Shrewsbury a osclaíodh i 1954.  I 1957 rinneadh an chéad saoránach oinigh a bhí riamh ag Éirinn de Chester Beatty.
 
Ar éag Beatty, tiomnaíodh an cnuasach d’iontaobhas ar leas an phobail.  Maireann a chnuasach ríluachmhar mar cheiliúradh ar spiorad agus fhlaithiúlacht Chester Beatty.